Oxfam Ireland Homepage
Emma Doran wearing a purple, orange, black and pink blouse looking into camera.
  • 6 min read
  • Published: 28th August 2026

Fógraítear Emma Doran mar ambasadóir d’fheachtas Meán Fómhair na hAthláimhe 2026 de chuid Oxfam Éireann

Ainmnítear fuirseoir, láithreoir agus léiritheoir teilifíse Bláithín de Burca mar ambasadóir Gaeilge an fheachtais.

 

Tá an fuirseoir agus láithreoir podchraolta a bhfuil duaiseanna buaite aici, Emma Doran, fógartha mar ambasadóir an t-ochtú feachtas Meán Fómhair na hAthláimhe (Second Hand September) de chuid Oxfam Éireann.  Impíonn an feachtas ar dhaoine glacadh le grá leis na scéalta a iompraíonn ár gcuid éadaí leo.

I mbliana, díríonn an feachtas ar na héadaí a chuirtear ar aghaidh ó ghlúin go glúin , ó sheoda teaghlaigh go dtí na píosaí is ansa linn atá saol nua tuillte acu. Tá aithne phearsanta ag Emma Doran ar an luach a bhaineann le héadaí a choinneáil thar am fada , agus cuid mhaith de na héadaí is fearr léi tagtha anuas chuici óna máthair.

Mar chuid den fheachtas freisin, beidh an fuirseoir, láithreoir & léiritheoir teilifíse Bláithín de Burca  mar ambasadóir Gaeilge Oxfam Éireann, ag spreagadh daoine ar fud na tíre páirt a ghlacadh i Meán Fómhair na hAthláimhe trí mheán na Gaeilge.

Tugann Meán Fómhair na hAthláimhe dúshlán do dhaoine éadaí athláimhe a roghnú in ionad éadaí nua i rith mhí Mheán Fómhair; ag cabhrú le dramhaíl teicstílí a laghdú, saol na n-éadaí a fhadú agus tacú le hobair Oxfam sa chomhrac in aghaidh na bochtaineachta agus na héagothroime ar fud an domhain.

Comedian Emma Doran is sitting on a grey playground slide wearing a tie skirt.

De réir na tuarascála NATEX (Nature and Extent of Post-Consumer Textiles in Ireland) is déanaí, úsáideann gach duine in Éirinn thart ar 53kg d’éadaí agus de theicstílí nua gach bliain – ceann de na rátaí tomhaltais is airde san Aontas Eorpach. Caitear thart ar 64,000 tona teicstílí isteach sna gnáthbhoscaí bruscair tí gach bliain, rud a fhágann gurb iad teaghlaigh an fhoinse is mó de dhramhaíl teicstílí sa tír.

Agus a dóthain éadaí ar fáil cheana féin chun na sé ghlúin amach romhainn a éadú, is bealach simplí é gach ceannachán athláimhe chun dramhaíl i líonadh talún a sheachaint agus éadaí a choinneáil i gcúrsaíocht níos faide.

"Bhí sé de nós againn i gcónaí sa teaghlach éadaí a thabhairt ar aghaidh ó dhuine go duine. Thug mé mo bhuachaillí chuig siopaí athláimhe i gcónaí mar shíl mé gur bealach iontach a bhí ann chun luach an airgid a mhúineadh dóibh, chun a thaispeáint dóibh go bhfuil luach i gcónaí ag rudaí, agus gur féidir saol nua a thabhairt d'éadaí. Tá beirt as mo thriúr páistí níos airde ná mise anois, mar sin tá mé ag tabhairt roinnt de mo chuid éadaí dóibh. Is aoibhinn liom rud a chaith mé féin tráth a fheiceáil ag fáil saol úr le duine óg eile."
— Emma Doran, ambasadóir Mheán Fómhair na hAthláimhe 2026 de chuid Oxfam Éireann.
Emma Doran on a playground climbing frame wearing a green football jersey.

"Tá na híomhánna feicthe againn ar fad de láithreáin líonta talún atá lán d'éadaí. Is furasta smaoineamh gur ar na corparáidí móra amháin atá an fhreagracht, ach is féidir linn féin athruithe beaga a dhéanamh freisin, agus is minic a bhíonn siad níos fearr dúinne chomh maith. Is bealach spraíúil agus éasca é Meán Fómhair na hAthláimhe chun breathnú ar na nósanna siopadóireachta atá againn féin.”

Rinneadh grianghrafadóireacht fheachtas na bliana seo in aice leis an áit ar tógadh Emma Doran, in ionad ealaíon Rua Red i gcroílár Thamhlachta. Ba í Patrycja Pawela ó Oxfam Éireann a rinne stíleáil ar an fheisteas deiridh, agus rinne sí an sciorta de láimh as carbhait a bhronnadh ar Oxfam.

Mar ambasadóir Gaeilge an fheachtais, beidh Bláithín de Burca ag spreagadh daoine páirt a ghlacadh i Meán Fómhair na hAthláimhe trí mheán na Gaeilge, agus ag cur béime ar an ról atá ag athúsáid agus ag comhroinnt éadaí mar chuid dár gcultúr agus dár saol laethúil:

“Táim thar a bheith buíoch as go leor nithe a fuair mé ó mo shinsir - ina measc mo theanga, mo chultúr, agus ar ndóigh neart píosaí iontacha i mo vardrús nach féidir liom iad a chaitheamh gan ardmholadh a fháil fúthu. Is dócha gur rud tútach é comparáid a dhéanamh idir teanga na Gaeilge agus éadaí athláimhe nuair a labhraíonn muid faoi nithe a thabhairt 'ó ghlúin go glúin', ach is rud suntasach le tabhairt faoi deara é go bhfuil muid mar Éireannaigh agus mar Ghaeil, nasctha leis an chaomhnú, an fhrithsheasmhacht, an réabhlóid! Agus is é sin atá i gceist leis an fheachtas seo - is troid é don Domhan, don nádúr agus ar ndóigh... don stíl.”
— Ainmnítear fuirseoir, láithreoir agus léiritheoir teilifíse Bláithín de Burca mar ambasadóir Gaeilge an fheachtais
Comedian Bláithín de Burca sitting at a skate park.

Tá líonra de 44 siopa Oxfam ag feidhmiú ar fud oileán na hÉireann, ina bhfuil na mílte píosa faisin athláimhe ar ardchaighdeán ar phraghsanna réasúnta. Ní gá costas a chur ar an Domhan chun stíl mhaith a bheith agat.

Chun an siopa Oxfam is gaire duit a aimsiú, nó chun clárú do Mheán Fómhair na hAthláimhe (Second Hand September), tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Oxfam Éireann. Roinn na seoda athláimhe is ansa leat leis an haischlib #SecondHandSeptember.

/ CRÍOCH

Grianghrafadóireacht le Niamh Barry.

Kate Brayden - Oifigeach Meán, Oxfam Éireann
kate.brayden@oxfam.org
+353 (0) 87 749 7447

De réir na tuarascála NATEX (Nature and Extent of Post-Consumer Textiles in Ireland) is déanaí:

  • Úsáideann gach duine in Éirinn thart ar 53kg de theicstílí nua gach bliain – ceann de na rátaí tomhaltais is airde san Aontas Eorpach.
  • Gintear thart ar 170,000 tona de theicstílí iarchaite gach bliain, arb ionann é agus 35kg an duine.
  • Téann timpeall 110,000 tona (65%) díobh isteach sa ghnáthshruth dramhaíola agus cuirtear chuig líonadh talún nó saoráidí dramhaíola-go-fuinneamh iad, seachas iad a athúsáid nó a athchúrsáil.
  • Caitear thart ar 64,000 tona de theicstílí isteach sna boscaí bruscair tí gach bliain, rud a fhágann gurb iad teaghlaigh an fhoinse is mó de dhramhaíl teicstílí.
  • Ní bhailítear ach 34% de theicstílí caite ar leithligh, go príomha trí shiopaí carthanachta agus bainc éadaí, rud a léiríonn go bhfuil acmhainn mhór ann athúsáid a mhéadú.
  • Ní athúsáidtear ach 27% de theicstílí, agus ní athchúrsáiltear ach 9% díobh ina dtáirgí amhail ceirteacha nó snáithín.
  • Bailíonn siopaí carthanachta in Éirinn timpeall 17,500 tona de theicstílí gach bliain. Díoltar thart ar 8,500 tona díobh arís in Éirinn, rud a chuireann le saolré na n-éadaí agus a chruinníonn airgead do shaothar carthanachta.